Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 288
- XML “Oíche Fhéile Eoin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Coidcís roimh an oidhche sin is gnáthach le aos-óg na h-áite seo gach uair díomhaoin a chathaimh ag cruinniú smután is grágann go dtí áiteacha áirighthe mar chrois bhótair agus i n-amanna ar bharraibh na gcnoc le teine Feil' Eóin a lasadh ar an oidhche sin. Is minic iad féin agus na seandaoine ag troid le chéile mar rinne na seandaoine usáid de mhaidí phoill agus de ghrágain le claidheacha a thógail fá n-a gcuid páirceanna agus nuair a théidh an aos óg a chruinniú ádhbhar teineadh is minic a bheir siad leo na maidí seo.Ag dul o sholus oidhche Feil' Eóin cruinnigheadh buachaillí agus cailíní agus lastar na teinte seo agus nuair a bhíos sí ag dóghadh i gceart toisigheann an greann agus an chuideachta agus an damhsa. Nuair a bhíos siad tuirseach ag an obair sin, tiomanan baicle aca leó agus maidí ar lasadh(leanann ar an chéad leathanach eile)