Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is í an ghaoth aníar ndeas is minice bheir baisteach chugainn i n-íar Dhún-na-ngall. Bheir an ghaoth anoir aimsear chruaidh shiocain chugainn agus ceathaideacha sneachta acht nuair a thuiteas an sneachta go buan trom is leis an ghaoth anoir ndeas a thog sé de ghnáthach. Gheibhmid aimsear thirm chruaidh leis as ghaoth adtuaidh agus i n-amanna nuair a théid an ghaoth i mbun thoir dtuaidh is minic a fhanann sí sa bhun sin ar feadh cúpla mí. Ar feadh an ama sin bíonn an aimsear fuar agus ceathaideacha troma ann idir amannai.
Deir daoine ma théid an ghaoth a athrú as bun gur maith an cómhartha í cúrsa na na gréine a leanstan; sin ma tá sí i mbun san áird thoir i athrúghadh go dtí thoir ndeas, o dheas, thiar ndeas, thiar srl. Ma gnídh sí sin airigheann na daoine go mbéidh an aimsear maith. Ma áthruigheann sí i n-aghaidh chúrsa na gréine deir daoine gur chómhartha droch(leanann ar an chéad leathanach eile)