Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 329

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 329

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort an Choirce
  2. XML Leathanach 329
  3. XML “Mailidh Dheas Bhán”
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a's i gCondae na Banrioghna 'n-áit nach rabh mé le bliáin;
    Maca samhail mo ghrádh-geal, sháruig damh fheiceáil ariain,
    Ach aon pioctúir amháin tá tairnighthe gcionn Bhaile 'Cliath
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Éirigh do shuidhe má tá tú do luighe...

    I
    Éirigh 'do shuidhe ma tá tú do luighe,
    Fosgail an doras agus lig mé un toighe;
    Tá buideal in m'aice agus dram dó mhnaoi'n toighe,
    Tá súil agam nach ndúiltuigheann sí mé fá n-a
    h-ingin.
    II
    Fear dheánta potai ní ghlacfar go deó,
    No fear leagan plátai ar thábla toighe móir;
    Fear dheánta gúnai na mantail gan doigh,
    Sé grádh mo chroidhe 'n greásaighe fear
    dheánta na mbróg.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Peigí Ní Dubhthaigh
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Baineann
    Aois
    51