Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lastai dha choinneal dheag i ngach teach i bhfad o shoin ach tá an gnás sin leigthe ar dearmad anois ins an áit seo. Cuid a deireadh gur i n-onoir an daréag apostal a lastai íad agus cuid eile gur ó thairbhe saoire an dá lá dheag idir Nodlaig Mhór agus Nodlaig na gCoinneal a leigean ar ceal. Is gnáthach go foill ánnlann neamh choitcheann a bheith ag daoine annseo le n-a dhinnear.
- Gnidheadh na daoine trosgadh an lá seo go tráthnóna. Annsin bhíodh suipear brúitíní agus ime ag na teaglaigh. I n-a dhiaidh sin deirtí an paidrín agus annsin theigheadh ceann urraidh an tighe amach agus chuireadh sé sopóg luachra i gcliabh agus dlaoi cocain le n-a chois. Chuireadh gach duine de'n teaghlach ball de n-a chuid éadaigh sa chliabh fosta. Annsin(leanann ar an chéad leathanach eile)