Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 323

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 323

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort an Choirce
  2. XML Leathanach 323
  3. XML “Idir Caiseal agus Úirche”
  4. XML “An Bhrídeog Bhéasach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    VI
    Mhiure sa chroidhe nach marbh a bhi mé
    Nuair a thárluigh ann do shlighe mé a óganaigh óig
    Mise bheith a guidhe ort bean eile 'sí na luig let
    Maidean bhog aoibhneach 's mé ag sileadh na ndeór
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. I
    Thug mé rúide go cuige Mumhan
    A chur mo chúrsa i gcéill damh,
    Nar dheas mo chongnamh teacht 'un Dúin damh
    gasraidh súgach gaedhealach;
    Ar áirdiú damh-sa suas malaidh dhruichta
    Teacht an taobh seo d'Éirne,
    Sgiordaigh'n siubhal ins na cosa fúm-sa
    mar bhí mé súil le n-a bréagadh.
    II
    A bhéilin páirteach, is binne no'n chláirseach,
    Tabhair mé o'n bhás mas féidir,
    No seo mo lámh duit go bhfuil mé i ngrádh leat,
    'S nach ndéanam d'áthrughadh mar chéile.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge