School: Mín an Tóiteáin
- Location:
- Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Conall Mac Cuinneagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín an Tóiteáin
- XML Page 417
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean Sgéal.
Am ámhain bhí sean lanámhain ann, agus bhí siad na gcomhnuidhe i Loch-A Iubhar, agus Éoin Ó’Baoighill a bhí ar an fear. Bhí teaghlach mór aca agus ní rabh bó ar bith aca. Oidhche ámhain aonaigh tháinig bó go dtí an teach. D’iarr an bhean ar an fhear an bhó a chur isteach. D’éirigh an fear agus chuir sé isteach an bhó agus bhligh sé í. Nuair a d’éirigh an fear ar maidín bhí gámhain og ag an bhó. Lá ámhain nuair a bhí an fear ag cur préataí. Nuair a thiochfadh an fear isteach ‘un a dhinneara bhéadh an t-eallach isteach na páirce na dhiaidh. Lá amháin tháinig fearg air agus dubhairt sé. An fear a cuir chugam sibh” go dtugaidh sé uaim sibh”. Le sin d’éirigh an fear i lár an Oileain agus dubhairt sé, “Teith, Teith, A Mhaoil Óir a laogh mhór go gamhain. Thog an bhó a ruball agus d’imhtigh sí fhéin agus na seacht gamhna amach as amharch go dtí an T-Óilean agus ní fhacthas í ariamh níos mó.- Collector
- Sighle Nic Suibhne
- Gender
- Female
- Address
- Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Brighid Nic Suibhne
- Gender
- Female
- Address
- Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall