School: Inis Meáin (roll number 12339)
- Location:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Proinsias Ó Dorchaidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Meáin
- XML Page 10_011
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean ann fadó agus bhí sí ar bhruach aille. I gcionn tamaill tháinig fear aici agus bhí olc mór aige dhi. Dubhairt an fear léi: "céard é sin thíos ag snámh ar an bhfairrge," Shíl an bean nach ag ínnseacht aon bhréag a bhí sé agus bhreathnuigh sí síos agus nuair a chonnaic an fear í ag breathnuigh síos níor rinne sé ach í a chaitheamh síos san bhfairrge. Lá amháin na dhiaidh sin chuaidh currach amach ag iasgach agus chonnaic an trúir fear a bhí sa gcurrach í ar bhárr an uisge agus í ag snámh. Acht bhí eagla ar na daoine mar bhí sé an deirnach agus bhíodar ag ceapadh gur bó a bhí innte ag an dath a bhí ar a cóta. Mar sin féin chuinnigheadar orra ag iomradh agus d'fanadar amuigh ar feadh na hoidhche ag iascach agus bhíodar ag fághail go leór iasg. At deireadh deirigh an fhairrge agus dárduigh sé cuin
féócain agus béigin dóibh a teacht i dtír. Ar a mbealach dóibh casadh an bean arís orra agus dúbhairt sí go mbáithfí iad mar gheall nar thóigeadar í féin agus b'fior di. Nuair a bhiodar i mbéal an chladaigh, tháínig tonn mór isteach sa gcurrach agus báitheadh iadh.- Collector
- Micil Ó Meachair
- Gender
- Male
- Address
- Ceathrú an Teampaill, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Bartle Ó Meachair
- Gender
- Male