Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 296

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Théid cailín isteach i seomra léithe féin. Cíorann sí a ceann agus amharcann sí thar a guala isteach i sgáthan. Is ceart go bhfeicfidh sí sgáile a céile ins an sgáthan.

Teanga
Gaeilge

Is beag nach bhfuil na sea ghnásai baint leis an oidhche seo marbh ins an cheanntar seo. Fad o shoin ba ghnathach leis na daoine gach uile sheort oibre a bheith deánta roimh luighe gréine. Sguabfaidh an teach chuirfidh teine mhór síos agus d'fhágfaidh cuid de'n t-suipear ins an phota ag cois na teineadh. Rachadh na daoine a luighe agus d'fháfgaidh an solus lasta no chreis na daoine go n-éirigheadh na mairbh as an uaigh an oidhche sin agus do dtigeadh siad arais go dtí na sean fhóide ar lord urnaighthe a ngaolta. Sin an fáth

(leanann ar an chéad leathanach eile)