School: Gort an Choirce (roll number 11815)
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easbuic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Cha ligeann sé 'un aifrinn mé la saoire
no Dia Dhomhnaigh;
Cha dtugann sé 'dtígh an leanna mé, cha n-ólann sé ginidh óir liom;
Cha dteanann sé le n-a chroidhe mé mar
dhéanfadh 'n buachaill óg liom.IV
Nuair a bhi mise óg geobhainn ól agus aoibhneas,
Cuieachta ban óg agus óganaigh caoidheannach;
'Noir nuair tá mé pósta, char bhfiú leobhtha labhairt liom,
Mo mhallacht ar an lá sin a dubhairt mise 'gabann' leat.V
A tháilliúir, a tháilliúir, a gheáras an t- éadach
Ní deise mar a chumas tú no chanas tú na bréaga
Chraith mé mo lámh leat a's bárra mo chúig méara
I n-a dhiaidh sin a tháilliúir go dteárn tú an bhréag liom.