Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 191

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhi fear aon uair amháin agus bhi gáradh aige agus bhi sgonnsa spící thart ar an gháradh agus chá rabh spíce aca nach rabh ceann fir air ach spíce amháin. Fir iad a tháinig a'iarraidh ingean an fhir le pósadh agus ar sháruigh ortha na fíacalacha a cuireadh ortha a réidhteach. Lá amháin chonnaic buachaill an oig-bhean agus thuit sé i ngrádh léite agus dubhairt sé léithe go rabh sé a 'gabhail dá h-íarraidh ar a h-athair le pósadh.
"Ná deán", ar sise. "Ca mbeithfeá a gabhail le ceann a fhágail ar an spíce sin thuas atá folamh".
Ach chá rabh gar a bheith leis. Chuaidh sé chuig n-a h-athair agus d'íarr an ingean air mar chéile.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Meadhbh Ní Ghabhain
Inscne
baineann
Seoladh
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Faisnéiseoir
Cathal 'Ac Pháidín
Inscne
fireann
Aois
50
Seoladh
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge