School: Mín an Tóiteáin
- Location:
- Mín an Tóiteáin, Co. Donegal
- Teacher: Conall Mac Cuinneagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhí bád ag dul amach agus léim Seán ó’n talamh go dtí’n bhád. Shaith sé a dha shál san chaiptín agus thainig an bád isteach. Thainig lá an dlighe agus b’é an fear a thuit ó’n charr a bhí na breitheamh. Thainig na ministirí ágo agus d’innis gur chaith seán órd thar an Teámpall agus gur mharbh sé ministir. D’fhiaraigh an breitheamh an rabh siadsan ábalta an t-órd a chaitheamh thar an teámpall agus dubhairt siadsan nach rabh, leigeadh saor é ar an chás sin. Thainig an bhean a thuit ó’n charr agus d’innis a sgéal. Nuair a chualaidh an breitheamh an sgéal dubhairt sé go gcaitheadh sé Seán a pósadh, agus dubhairt sise nach bpósfadh. h-Innseadh an sgéal annsin fa dtaobh de’n Chaiftin. D’iarr an breitheamh arta Seán a chur i n-áit an Caiftin agus iadsan a léim amach ar an bhád agus na sála a chur fríd Seán. Dubhairt siadsan nach rabh siad ábalta. D’imthigh an bád annsin agus Seán leo. D’ith siad a gcuid arain agus tharraing Seán na trí bannóg amach. D’iarr Seán ar duine de na fir a dhul súas ar an crann go bhfeicèadh sé an rabh talamh ar bith le feiceal. Chuaidh fear aca súas, agus dubhairt sé go bhfaca sé talamh ó thuaidh. D’iarr Seán ortha tarraing ar an áit sin, agus tharraing. Thainig i dtír agus luath agus leag Seán a chos(continues on next page)
- Collector
- Pádraig Mac Cearrain
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Address
- Cró na Sealg, Co. Donegal
- Informant
- Séamus Mac Giolla Bhríghde
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Mín an Tóiteáin, Co. Donegal