School: Inis Meáin (roll number 12339)
- Location:
- Inis Meáin, Co. Galway
- Teacher: Proinsias Ó Dorchaidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Meáin
- XML Page 05_003
- XML “Na Fataí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Na fataí. 29ú Samhain 1937.
Cuirtear fataí gach bliadhain. Cuirtear feamainn mar leasúghadh ortha agus fáightear an fheamainn ins an gcladach. Tairnightear le asal nó le capall an fheamainn ó’n gcladach go dtí an gardha. Sgartar ar an ngardha annsin í agus nuair bhíonn sí tamall sghartha cuirtear an gardha le spáid. Nuair a bhíonn sé curtha sáidhtear síolta ann. seo é an chaoi a déantar an síol. Gearrta na fataí na bpíosaí agus tugtar na píosaí go dtí garrdha agus leagtar ar an iomairdhe iad gach ceannaca timpleall leathtroigh ó na chéile. nuair bhíonn siad sgartha annsin déantar poll síos san talamh le maide romhar le h-ais gach ceann aca agus cuirtear an síol síos ann agus clúduightear an síol le cré.
Nuair bhíonn siad tamall curtha annsin tosuigheann siad ag cur barranna beaga aníos. Nuair a bhíonn siad mór annsin lánuightear iad. Nuair a fhásann salachar ionnta annsin glantar é. Nuair a bhíonn barranna móra orra annsin cuirtear spray(continues on next page)- Collector
- Bairtle Ó Cualáin
- Gender
- Male