Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)

Suíomh:
Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 05_003

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 05_003

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Meáin
  2. XML Leathanach 05_003
  3. XML “Na Fataí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Na fataí. 29ú Samhain 1937.
    Cuirtear fataí gach bliadhain. Cuirtear feamainn mar leasúghadh ortha agus fáightear an fheamainn ins an gcladach. Tairnightear le asal nó le capall an fheamainn ó’n gcladach go dtí an gardha. Sgartar ar an ngardha annsin í agus nuair bhíonn sí tamall sghartha cuirtear an gardha le spáid. Nuair a bhíonn sé curtha sáidhtear síolta ann. seo é an chaoi a déantar an síol. Gearrta na fataí na bpíosaí agus tugtar na píosaí go dtí garrdha agus leagtar ar an iomairdhe iad gach ceannaca timpleall leathtroigh ó na chéile. nuair bhíonn siad sgartha annsin déantar poll síos san talamh le maide romhar le h-ais gach ceann aca agus cuirtear an síol síos ann agus clúduightear an síol le cré.
    Nuair bhíonn siad tamall curtha annsin tosuigheann siad ag cur barranna beaga aníos. Nuair a bhíonn siad mór annsin lánuightear iad. Nuair a fhásann salachar ionnta annsin glantar é. Nuair a bhíonn barranna móra orra annsin cuirtear spray
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. prátaí (~2,701)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bairtle Ó Cualáin
    Inscne
    Fireann