Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)

Suíomh:
Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 05_002

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 05_002

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Meáin
  2. XML Leathanach 05_002
  3. XML “Tráchtas - Seanchas i dTaobh na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    si thiar nó siar ó dheas bíonn stoirm agus múranna báistighe air. Má bhíonn an spéir thiar dearg tráthnóna bíonn aimsir bhreagh air agus má bhíonn an spéir thoir dearg tráthnóna bíonn báisteach air agus má bhíonn néalta bána san spéir bíónn báisteach air. Nuair a thagann sgata géabha fiadháine thart bhíonn fuacht le teacht agus má bhíonn éanlaith ag eiteall go h-árd san spéir is comhartha é go bhfuil aimsir bhreagh air. Má bhíonn lachain ag eitheall agus ag craitheadh a gcuid sgiathán is comhartha é go bhfuil báisteach air agus nuar a bhíonn mada ag ithe féir bíonn báisteach ar freisinn. Nuair a thugann cat a dhruim do'n teine bíonn droch uair air. Nuair a bhíonn an ghrian dearg ag dul faoi bíonn aimsir bhreagh air. Nuair a bhíonn go leór míaltóga le feiceál agus má bhionn siugaín a bhfuil sgiatháin ortha ag imtheacht thart is comhartha báistighe é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bairtle Ó Cualáin
    Inscne
    Fireann