School: Inis Meáin (roll number 12339)
- Location:
- Inis Meáin, Co. Galway
- Teacher: Proinsias Ó Dorchaidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)22adh Samhain 1937
Seanchas i dtaobh na h-Aimsire
Tá go leor comharthaí ag na daoine ins an oileán seo le inseacht cé'n sórt aimsire a bhíonn le teacht. Fághann síad na comharthaí sin go léir ó'n gealaigh, ó'n ngréin, ó na réaltóga, ó'n bhfairrge, ó'n gaoith, ó'n spéir agus ó rudaí beó. Nuair a bhíonn fáinne timcheall na gealaighe bhíonn báisteach le teacht agus nuair a bhíonn sí 'na suidhe ar a tón is comhartha é go bhfuil drochaimsir air. Nuair a bhíonn an ghealach ag imteacht go h-easgaidh ins an spéir bíonn stoirm le teacht. Nuair a bhíonn gáetha fada ó'n ghréin bhíonn báisteach air. Nuair a bhíonn na réaltógaí ag preabaidh ins an spéir is comhartha é sin go bhfuil drochaimsir air. Nuair a bhíonn cúbhar ag imteacht ar an(continues on next page)- Collector
- Dara Ó Conghaile
- Gender
- Male