Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)22adh Samhain 1937
Seanchas i dtaobh na h-Aimsire
Tá go leor comharthaí ag na daoine ins an oileán seo le inseacht cé'n sórt aimsire a bhíonn le teacht. Fághann síad na comharthaí sin go léir ó'n gealaigh, ó'n ngréin, ó na réaltóga, ó'n bhfairrge, ó'n gaoith, ó'n spéir agus ó rudaí beó. Nuair a bhíonn fáinne timcheall na gealaighe bhíonn báisteach le teacht agus nuair a bhíonn sí 'na suidhe ar a tón is comhartha é go bhfuil drochaimsir air. Nuair a bhíonn an ghealach ag imteacht go h-easgaidh ins an spéir bíonn stoirm le teacht. Nuair a bhíonn gáetha fada ó'n ghréin bhíonn báisteach air. Nuair a bhíonn na réaltógaí ag preabaidh ins an spéir is comhartha é sin go bhfuil drochaimsir air. Nuair a bhíonn cúbhar ag imteacht ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Dara Ó Conghaile
- Inscne
- Fireann