School: Inis Meáin (roll number 12339)

Location:
Inis Meáin, Co. Galway
Teacher:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 01_015

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 01_015

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Meáin
  2. XML Page 01_015
  3. XML “Trácthas - Rudaí Neamhshaolta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Deirtear go mbíonn rudaí neamh-shaolta le feiceál go minic ó am go h-am san n-oileán. Seo scéal amháin a d'airigh mé ag mo athair i dtaobh sean dhuine a bhí ann fadó. Bhí sean fhear ann fadó agus bhí sé ag dul síos ag an gcladach ag bainighadh feamuinn. Ní raibh sé ach tuairim is a dó a chlog san oidhche agus ba mhinic leis éirighe chomh luath sin gach maidin i dtreo is go mbeadh an fheamainn ar fad bailighthe ag sul má d'éirigheochaidh aon duine.
    Chuaidh sé síos maidin amháin sa Márta ag bailughadh feamainne mar bhí sé ag ceapadh go mbeadh go leor feamainn sa gcladach an mhaidin seo. Nuair a tháinig sé ar bharr an aill chonaic sé mada thíos ins an gcladach. Chuaidh sé síos agus níor leigfeadh an mada síos é agus b'éigin dó casadh abhaile. Bhíodh sé i breathnaigh 'na dhiaidh agus bhiíodh an mada 'na dhiaidh i gcomhnuidhe agus sa deire bhí fhios aige nár mada saoghalta a bhí ann.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Choinceanainn
    Gender
    Female
    Address
    Ceathrú an Teampaill, Co. Galway