School: Gort an Choirce (roll number 11815)
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easbuic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 243
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus é coirighthe go deas. Chualaidh na comhursannai go dtáinig sé agus chruinnigh siad isteach un toighe a chur fearbhfhailte roimhe. Nuair a tháinig am luighe d'imthigh siad uilig ach sean-bhean amháin a chuaidh i gcúl an dorais a chúl-éisteacht. Chuir an mháthair ceist ar an stócach caidé an obair a bhi sé 'dheánamh ó d'imthigh sé. Dubhairt seisean go rabh sé ar an ghaduidhe a b'fheárr i n-Éirinn anois. Chualaidh Rí na h-Áite é agus d'innis sé go áthair an stócaigh é agus dubhairt sé leis go rabh sé a'gabhail a' cur fíachala air. Dubhairt sé leis go gcaithfeadh sé stail a bhí aige sa bhoitheach a ghoid i ngan fhios do bheirt a bhéadh dá choinneadh. Nuair a chuaidh an t-athair abhaile d'innis sé do'n mhac caidé mar bhí,
"Níl sin ro-dheacair a dheánamh" arsa'n stócach.
"D'imthigh sé go dtí an áit agus luigh sé ar(continues on next page)