Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 243

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 243

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort an Choirce
  2. XML Leathanach 243
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus é coirighthe go deas. Chualaidh na comhursannai go dtáinig sé agus chruinnigh siad isteach un toighe a chur fearbhfhailte roimhe. Nuair a tháinig am luighe d'imthigh siad uilig ach sean-bhean amháin a chuaidh i gcúl an dorais a chúl-éisteacht. Chuir an mháthair ceist ar an stócach caidé an obair a bhi sé 'dheánamh ó d'imthigh sé. Dubhairt seisean go rabh sé ar an ghaduidhe a b'fheárr i n-Éirinn anois. Chualaidh Rí na h-Áite é agus d'innis sé go áthair an stócaigh é agus dubhairt sé leis go rabh sé a'gabhail a' cur fíachala air. Dubhairt sé leis go gcaithfeadh sé stail a bhí aige sa bhoitheach a ghoid i ngan fhios do bheirt a bhéadh dá choinneadh. Nuair a chuaidh an t-athair abhaile d'innis sé do'n mhac caidé mar bhí,
    "Níl sin ro-dheacair a dheánamh" arsa'n stócach.
    "D'imthigh sé go dtí an áit agus luigh sé ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1525: The Master Thief
    Teanga
    Gaeilge