School: Gort an Choirce (roll number 11815)
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easbuic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Shuibhail sé suas go dtí an teine agus chaith sé an taosg sa teine agus d'fhás geamhar glas as a taosg.
Tháinig Colmcille isteach agus chonnaic sé an geamhar ag fás aníos as an teine agus bhí iongantas air. Chuir sé ceist ar an chailín an rabh a'n duine istigh agus dubhairt sise go rabh fear bocht istigh agus gur íarr sé déirc agus gur dhubhairt sise leis nach rabh ordú aicí déirc a thabhairt uaithe de thairbhe an mhaighistre agus gur íarr sé cnág de'n taosg agus go dtug sise sin dó agus gur chaith se an taosg sa teine agus gur fhás geamhar as an taosg.
"Bhfuil sé o bhfad ar shuibhal?" arsa Colm. Dubhairt sise nach rabh agus lean Colmcille é agus bheir suas leis. Chaith Colm é féin ar a dhá ghlúin agus d'íarr maitheamhnas air. Thiompuigh an fear bocht thart agus dubhairt "No nach dtug mé do sháith duit?" "Thug" arsa Colmcille. "ach ní thug tú croidhe damh le n-a chatham".(continues on next page)