Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 140

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 140

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort an Choirce
  2. XML Leathanach 140
  3. XML “Colm Cille agus an Fear Déirce”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Shuibhail sé suas go dtí an teine agus chaith sé an taosg sa teine agus d'fhás geamhar glas as a taosg.
    Tháinig Colmcille isteach agus chonnaic sé an geamhar ag fás aníos as an teine agus bhí iongantas air. Chuir sé ceist ar an chailín an rabh a'n duine istigh agus dubhairt sise go rabh fear bocht istigh agus gur íarr sé déirc agus gur dhubhairt sise leis nach rabh ordú aicí déirc a thabhairt uaithe de thairbhe an mhaighistre agus gur íarr sé cnág de'n taosg agus go dtug sise sin dó agus gur chaith se an taosg sa teine agus gur fhás geamhar as an taosg.
    "Bhfuil sé o bhfad ar shuibhal?" arsa Colm. Dubhairt sise nach rabh agus lean Colmcille é agus bheir suas leis. Chaith Colm é féin ar a dhá ghlúin agus d'íarr maitheamhnas air. Thiompuigh an fear bocht thart agus dubhairt "No nach dtug mé do sháith duit?" "Thug" arsa Colmcille. "ach ní thug tú croidhe damh le n-a chatham".
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. naoimh
          1. Colm Cille (~265)
    Teanga
    Gaeilge