School: Inis Meáin (roll number 12339)

Location:
Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 06_043

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 06_043

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Meáin
  2. XML Page 06_043
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus bhí sé pósta agus bhí mac amháin aige. Ní raibh aoinne ins an teach acht an triúr aca agus tar éis sgathamh cailleadh a bhean. Lá amháin chuaidh an fear amach ag fiadhach agus d'fhág sé an Páiste agus an mada istigh. D'imthigh leis agus ní raibh sé i bhfad imighthe nuair a thainig sé arís. Rinne sé réidh agus d'osgail an doras. Chonnaic sé an páiste istigh agus rud éigin agus éadach bán air. Nuair a tháinig an fear isteach d'éirigh sé de gheit. D'fhiafruigh an fear dhe ce bhí ann agus dubhairt sé gur b'í a máthair a bhí ann. An lá in na dhiaidh sin dimthigh sé agus nuair a thainig sé bhí an rud céadna ann agus dubhairt an Páiste go dubhairt sí go raibh sí i bPurgadóir agus guidhe ar a son.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Micil Ó Fáthartaigh
    Gender
    Male