Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)lae an phósta cuirfeadh siad fios ar an sagart, acht ní thagadh sé go dtí an oidhche agus ansan bhíodh sé ag ceistiú na beirte go dtí a dó dhéag a chlog.Ansan théigheadh siad síos ar a nglúinibh agus pósadh sé iad agus uaireannta bhíodh sé á bpósadh go dtí breaca lae na bháraigh.Nuair a bhíodh gach aon rud réidh chun an phósta théigheadh duine amach agus chuireadh sé saghas púdair i nguna agus deineadh sé saghas glóir leis chun glaodhach ar na buachaillí tuíghe.Thagadh siad agus bhíodh cróinneacha nó ríoda ar a gceann aca, agus píosaí tuíghe ag sileadh ó’n gcróinn agus bhíodh hataí daithte tímpeall na ríodaí agus aghaidhthe fidil ar a n-aghaidhthe agus criosanna móra tímpeall ortha.Nuair a thagadh siad bhíodh siad agus na daoine istigh ag amhrán agus ag rinnce agus ag deunamh spóirt mar thugadh na daoine uisge beatha dóibh, agus bhíodh siad níos fearr chun spóirt a dheunamh annsan, agus ar maidin théigheadh siad abhaile lán sásta.Dia Máirt agus Dia Satharn dob eadh na laetheannta a pósadh iad. Máirt Innide is minicí a bhíodh á bpósadh.I rith na h-oidhche agus ag breacadh an lae Chéadaoin Luaithrí agus cé go bhfuil sé órdaighthe gan pósadh ‘san gCarrgaos chuireadh siad málaí ar na fuinneóga(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlís Ní Loíngsigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Conchúbhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí