School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Uair amháin bhí triúr fear ag fiadhach na n-éan ist oidhche le soilse.Oidhche Samhna do'beadh é agus deirtear nách ceart bheith amuigh go deunach an oidhche sin, ach go h-áiríthe bhí an triúr so i ndiaidh na n-éan in áit éigint i gCurrach Mór, mar is ó Currach Mór dob eadh ceann díobh.Bhíodar ag gabháilt tré páirc éigint nuair a bhuail ceann de's na fearaibh tor. Bhí sé díreach chun ceann eile a bhualadh nuair a eitil céirseach amach ó'n dtor, agus chualaidh sé guth á rádh "Stad ná buail, ná buail," agus ní fheacadar aoinne.Tháinig scrannadh ar na fearaibh go léir, agus do ritheadar abhaile.D'eirigh an fear a bhuail an tor breóidhte, agus fuair sé bás an oidhche sin.Níor chuaidh an bheirt eile amach ag fiadhach na n-éan aon oidhche as san amach.
- Collector
- Eibhlín Ní Loingsigh
- Gender
- Female
- Address
- An Currach Mór, Co. Chiarraí
- Informant
- Máire Ní Loingsigh
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Currach Mór, Co. Chiarraí