School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)

Location:
Ballyhearny West, Co. Kerry
Teacher:
Partolan Ó Gríbhthín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 105

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 105

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
  2. XML Page 105
  3. XML “Bruíon”
  4. XML “Galar”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is mó sgéal do chualamair mar gheall ar daoine a gheibheann bás le galar nú breóideacht de shaghas éigint agus seo ceann a leanas.
    Bhí fear darb ainm Seán Ó Connaill ina chomhnaidhe i gCurrach Beag uair amháin agus an uair sin leis bhí galar i gCathair Saidhbhín agus lá amháin do chuaid ann go dtí aonach agus taréis teacht abhaile dúbhairt sé le’na mhuinntir go raibh sé breóidhte agus an lá na dhiaidh sin d’fan sé san leabhaidh.
    Nuair a bhí an tráthnóna ag teacht bhí sé ag dul in olcus agus chuireadar fios ar an ndochtúir agus thánaig sé agus dúbhairt sé leó go raibh an galar aige agus nárb fhearr an rud a dhéanfaidís ná fios do chur ar an sagart mar go raibh sé i mbéalaibh an bháis.
    An t-athair Cearní a bhí san oileán an uair sin agus do chuaid sé go dtí an tigh agus do chuir sé an Ola déanach air agus taréis san do chuaidh sé abhaile.
    Nuair a bhí an dochtúir agus an sagart imthighthe abhaile d’eirigh an fear níos measa agus timcheall meadhon
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Dhonnchadha
    Gender
    Female
    Address
    Chapeltown, Co. Kerry
    Informant
    Pádraig Ó Donnchadha
    Gender
    Male
    Age
    47
    Occupation
    Oibrí iarnróid
    Address
    Chapeltown, Co. Kerry