School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)

Location:
Ballyhearny West, Co. Kerry
Teacher:
Partolan Ó Gríbhthín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 145

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 145

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
  2. XML Page 145
  3. XML “Na Péindlíthe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Na Péin Dlíghthe.
    In aimsear na bPéin Dlíghthe in Éirinn ní raibh cead ag na sagairt aon Aifreann do rádh, agus do bhí luach ar cheann gach sagart, acht níor stop san iad ó bheith ag rádh Aifreann.
    San am san do bhí sagart ins an oileán seo, agus bhí sé ag teicheadh ó na saighdiúirí. Do leanadar é ó Bhaile an tSéipéil suas chómh fada leis an gCurrach .
    Do bhí beirt shean-duine 'na gcómhnaidhe 'san gCurrach 'san uair úd, agus bhíodar ana aosta ar fad, agus ní rabhadar baistighthe in aon chor, agus do rith an sagart isteach chúchu nuair a bhí sé ag teicheadh.
    D'iaradar air iad do bhaisteadh, agus bhí an aimsear ana thirim an uair sin agus ní raibh aon uisge ann, agus chuaidh an sagart amach agus dúbhairt sé paidir ós cionn an phíosa talmhan 'na raibh sé 'na sheasamh' agus ar an láthair sin do tháinig tobair ann, agus tobar beannuighthe is eadh é anois. Is ó uisge an tobair do bhaist sé an bheirt.
    I rith na h-aimsire sin go léir do bhí na saighdiúirí ag teacht níos cómhgaraighe, agus níor mhothuigh an sagart aon rud go dtí go rabhadar buailte suas leis nách mór.
    Do rith sé chómh mear is d'féad sé é suas go dtí barr na faille, agus na saighdiúirí 'na dhiaidh, agus do sheas sé ar leac mhór íseal agus is annsan do mhairbh na saighdiúirí é.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Language
    Irish