Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó bhí ainm fé leith ag na sean daoine ar ghach pháirc a bhí sa bhfeirm acu agus cuid de’s na h-aimneacha sin is eadh na cinn seo a leanas.Ceann de’s na páirceanna atá againne sa bhaile is eadh “páirc an ghráinsigh” agus deireann na sean daoine go bhfuil an ainm sin ar an bpáirc le fada.Páirc garbh is eadh é agus tá mórán fraoigh ag fás air agus tá cosáin ag dul tríd agus deir na sean daoine gur sean bhóthar is eadh é.Tá sagas ruda aimhréidh i lár na páirce, agus tá leac ar a bharr. Deireann na sean daoine gur dún is eadh an phíosa aimhréidh san agus go bhfuil cosán fé thalamh ag dul ó’n dún sin go dtí an lios atá i bpáirc a leasa in aice leis agus dún gráinseach a ghlaoidhtí air, agus is ó’n dún fé thalamh sin a fuair an pháirc a ainm.Ta páirc eile nách bhfuil ró fhada ó páirc an ghráinsigh agus goirtín na gcrúdhadh an ainm atá air agus fuair sé sin a ainm mar seo.Tá an pháirc sin in aice le cnocán agus fadó bhí sráid tithe timcheall na páirce, agus ní raibh ag gach duine ach bó amháin, agus ní raibh aon talamh acu chun na bó do chothú ach chuireadh gach duine a bhó ag inbhear ar thalamh feirmeóra. Gach maidin agus tráthnóna bhíodh sé ar gach fear a bhó do tiomáint abhaile chun í do(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlís Ní Loingisgh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Coarha More, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Concubhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Coarha More, Co. Kerry