School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
- XML Page 200
- XML “Scéal na mBó”
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dúbhairt sé léi go raibh bean na chómhnaidhe in aice leis agus dar le daoine bhí an droch shúil aice, agus ní raibh sí féin agus an fear úd ró cháirdeamhail le'n a chéile.
Fuair sí píosa ime annsan agus chuir sí an ártha ann agus dúbhairt leis é sin do chur san gcuigeann gach uair eile acht gan é do dhíol in aon chor.
Chuaidh sé abhaile agus dhein sé é sin, agus bhí im aige as san amach. - Bhí bean ann fadó agus baintreach do'b eadh i, agus bhí clann mór aici le aire do thabhairt dóibh mar bhíodar go h-ana óg nuair a fuair an t-athair bas, agus bhíodar ina gcómhnaidhe go beó bocht.
Deireann cuid de's na daoine gur rugadh í 'san oilean agus gur chuaidh sí go dtí an Gleann tar éis báis a céile acht deireann cuid eile de's na daoine gur rugadh í 'san Gleann, agur gur pósadh í san oileán ach chuaidh sí go dtí an Gleann arís.
Nuair a bhí sí ana bhocht thug cara gamhan óg dí, agus d'fás sí suas i ngamhain bradach, agus ní stadadh(continues on next page)- Collector
- Eibhlís Ní Loingsigh
- Gender
- Female
- Address
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí
- Informant
- Bríghid Ní Murchadha
- Gender
- Female
- Age
- 84
- Occupation
- Pinsinéir
- Address
- An Chúil Thiar, Co. Chiarraí