School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó agus do chuir sé fé ar feadh cuid d’á shaoghal i n Ameirica. Do tháinig sé abhaile in aois cúig bliana deug is dachad. Nuair a tháinig sé ní leigfheadh aoinne d’á muinntir féin isteach é.Do thosnuig sé féin 'is triur eile ar botháinín do dheisiú i gCurrach Beag in áit 'na dtugtar Léim na gCat. Ní raibh aon rud aige chun é féin do chothú acht bheith ag obair do’s na cómharsanaibh, agus gheibheadh sé sgilling anois agus arís nó b’féidir roinnt baine.Bhíodh sé ag iascaireacht ar na bhfailltreacha agus lá amháin chuaidh sé fé dhein na bhfailltreacha. Nuair d’féuch sé na thímpall agus chonnaic sé a thigín féin tré theine, chrom sé ag gol agus ag feaduíol agus chait sé uaidh na gléasanna iascaig a bhí aige agus siúd leis ag rith fá dhéin a tighe féin.Nuair a shrois a thig bhí na daoine dh’á mhúcadh, go háirithe chuireadar roinnt de amach agus dúbhairt an fear leó go raibh bosca istigh a bhí ag teastáil uaidh. Chuaid ceann díobh isteach agus thug sé amach é agus deatach agus teine air.Bhí an fear an-bhuidheach do’n té a saoraidh a chuid airgid agus nuair a bhí an fear ag fághail báis d’fág sé ceud púnt do’n té a shaoraidh a chuid airgid agus cuid eile do’n sagart chun(continues on next page)
- Collector
- Eibhlín Ní Mhurchadha
- Gender
- Female
- Address
- Coarha More, Co. Kerry
- Informant
- Máire Ní Mhurcadha
- Gender
- Female
- Age
- 38
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Coarha More, Co. Kerry