Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sí ó bheith ag rith agus ag léimrigh. Thug páiste an ainm Geadach uirthe i dtaobh a léimrigh, agus lean an ainm í.
Nuair a bhí sí 'na bó chrúdhaidh an bean féin í, an cheud uair. Do leath a súile uirte nuair a chonnaic sí an bainne go léir a bhí aici, agus thug sí buidhcheas mór do Dhia, mar le linn an ama sin bhí an Ghorta Mhór ag tosnú.
Cúpla seachtmhain 'na dhiaidh sin nuair a bhí an Ghorta go h-ana olc, tháinig duine bocht go dtí an tigh ag lorg déirce, agus thug an bhean bláthach, im, agus leamhnacht dó mar do lean an bhó ag tál bainne go flúirseach gach maidean is tráthnóna agus do dheineadh sí ím as.
Tar eis cúpla lá bhí na daoine bochta ag teacht 'na sgataibh móra ó'n gCill ag feitheamh le déirce ó'n mhnaoi.
Annsin bhíodh daoine ag teacht chómh flúirseach san go mbéiginn do'n mhnaoi an Gheadach do chrúdhadh tri uaire sa ló.
Tar éis tamaill ní raibh airigead an chíosta aici, agus thóg an Baíle an bhó, agus do ghoil sí go mór 'na dhiaidh, acht fuair si bás seachtmhain 'na dhiaidh sin, acht deirtear nár tháil an Geadach an méid sin bainne riamh ó shoin.
Tá síolra na mná sin san oileán fós.- Bailitheoir
- Eibhlís Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Coarha More, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Murchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 84
- Gairm bheatha
- Pinsinéir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cool West, Co. Kerry