Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
- XML Leathanach 114
- XML “Toirneach agus Tintreach”
- XML “Toirneach agus Tintreach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chuadar go dtí an tigh a bhí inaice leó agus dob é sin an tigh in a raibh ceann de’n triúr in a chomhnaidhe agus ní raibh aoinne san dtigh leis.Ní rabhadar ann acht leath-uair nuair d’eirigh an stoirm níos measa. Do bhuail teintreach ar an dtigh agus do leag sé é agus do marbhuigheadh an triúr acht níor dheineadh aon díobháil eile san oileán an oidhche sin, buidheachas mór le Dia.
- Uair amháin bhí fear darab ainm do Séamus Ó Duibhneacha ‘na chómhnaidhe i bhFiadhach Meadhon agus bhí feirm deas aige le naoi mba. An uair seo bhí sé ag cur báistighe go trom agus thosnuigh an tóirneach agus an teinntreach acht ní rabhadar á dtabhairt fé ndeara acht do lean siad agus bhíodar ag éiríghe níos measa.Tar éis tamaill bhí na tóirneacha ag sgreadaigh go h-uabhásach agus bhí na daoine scannradhtha as a n-anamacha agus bhí eagla ortha dul in-aice na teine ná in-aice na ndóirse ar eagla go mbeadh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlís Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí