Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Clann Beanuighthe.
Nuair a bhí naomh Sheósamh agus an Maighdean Muire ag lorg ósduigeachta Oidhche Nodlag bhuaileadar le buachaill a bhí ag dul abhaile agus d'fiafruig sé díobh cá rabhadar ag dul.
D'innseadar an scéul dó agus bhí truagh ag an mbuachaill dóibh.
Do rith sé siar arís go dtí tigh áirithe acht do bhí sé lán roimis. Do thriall sé na tighthe go léir annsan acht niorbh aon mhaitheas dó; tháinigh sé thar nais agus d'innis sé a sghéul dóibh , acht do theasbáin sé an áit dóibh na raibh a shean-athair 'na cómhnaidhe.
Annsan thug sé a chlóca féin dóibh i dtreo is go mbeadh fhios ag an sean athair gurb é féin a chuir ann iad.
Chuadar go dtí an tigh sin, agus ní raibh fear a' tíghe istigh, agus ní thabharfadh bean a' tíghe aon ósduigheacht dóibh.
D'imthígheadar annsan, agus taréis tamall tháinig fear a' tíghe isteach agus d'innis a bhean an sgéul dó mar gheall ar an dtriúr a thainig.
Dúbhairt sé go dtugfadh sé féin lóistín dóibh dá mbeadh sé istig, agus d'imhthig sé 'na ndiaidh acht ní raibh sé ábalta ar teacht suas leo.
Thuit an bhean dall annsan agus bí sí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí