Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)

Suíomh:
Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Partolan Ó Gríbhthín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0479, Leathanach 153

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0479, Leathanach 153

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
  2. XML Leathanach 153
  3. XML “Seanainmneacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá páirc i gCurrach ar a dtugtar “Goirtín na gCapall”
    Fuair sé sin an ainm ó cogadh a bhí ann fadó, agus b’éigean do gach aoinne a bhí ag troid capall a bheith aige.
    Bhí an cogadh ann ar feadh lae, agus ar tuitim na h-oidhche dúbhairt an captéan go gcaithfídhe na capaill d’fágaint san bpáirc.
    Ar maidin nuair a chuadar isteach san bpáirc do bhí gach capall marbh, mar tháinig na namhaid i rith na h-oidhche agus do mharbuigheadhar iad.
    Nuair a bhí an cogadh críochnuighthe do chuireadar na capaill go léir isteach i bpoll amháin, agus na gléasanna airm isteach leis. Do dhein san árdán san bpáirc agus tugann na daoine “Ráth” air.
    Cúpla blian tar éis an chogaidh do threabhadar an pháirc agus fuair na daoine spiaraí, béalbhacha, agus giortaí na gcapall, agus rudaí mar sin,
    Ó thoin deirtear ná fhanfadh aon chapall ag inghéar san bpáirc sin, agus ó thoin i leith tugtar “Goirtín na gCapall” ar an bpáirc chéadna.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    An Comhartha Mór, Co. Chiarraí
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Mhurchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Comhartha Mór, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Cormac Ó Murchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    40
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Comhartha Mór, Co. Chiarraí