Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Oidhche amháin tímhpeall chéad blian ó thoin thánaig gala gála mór agus taréis tamaill thosnuig sé ag cur baistí go trom agus annsan do chiúinig an gála.Bhí an oidhche ana dhorchadha agus bhí daoine ag iasgaireacht agus ní rabhadar ábalta ar theacht abhaile agus do bhádhadh iad. Bhí na chómharsain á lorg ar maidin agus ní rabhadar ábalta ar iad d’fághailt ach fuaireadar na báid ins na chuanta.An oidhche céadna san bhí fear na chómhnaidhe i bhFiadhach Meadhon agus bhí sé ins an leabaidh breóidhte. Bhí sé ina aonar san dtigh agus thánaig an t-uisge anuas ó’n gcnoc agus chuaidh sé isteach san seómra mar ní raibh aige acht bóthán beag.Ar maidin thánaig ceann des na chómharsanaibh agus leig sé an uisge amach as an dtigh. Do dhein an stoirm céadhna mórán díobhála do bhóithre ahus ní raibh aoinne ábalta ar siubhal ortha mar bhíodar réabtha agus briste taréis na h-oidhche.
- Bailitheoir
- Sorcha Ní Chúiféir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Tinní Íochtaracha Thoir, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Shéagdha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 73
- Gairm bheatha
- Pinsinéir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Comhartha Beag, Co. Chiarraí