Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- San tsean aimsir do bhíodh pátrúin i mBaile na Mánach ar lá fhéile Dererca agus dob é sin an tarna lá fhicheadh de mí na Márta. Is san am sin do bhíodh na troid imeasg na daoine agus uaireannta do bhíodh siad ann le línn patrúin agus chualamair mar gheall ar cheann a bhí le críochnú go h-olc acht do stop cailín aimsire é.Bhí beirt dream ullmhuighthe chun troda agus do baillígheadar a gcáirde go léir agus thánaig dream ó Cilléalan agus gunnaí móra aca agus na hainmneacha a túgtaí ortha ná lucht “Bainrioghan Ann.” Thánadar i dtír i Rín na Gibhín agus bhíodar chun dul treasna an cnuic go dtí Baile na Mánach.Nuair a bhíodar ag gabhail thairis Cíll Mór áit in a raibh baile mór an uair sin do chuadar isteach i dtigh chun díghe d’fághailt agus d’fágadar na gunnaí ar an dtaobh amuigh de’n dorus ag seasamh i gcoinnibh an fhalla.Nuair a bhiodair istigh ag cainnt le muinntir an tíghe do thánaig an chailín aimsire agus bhí fhios aici go rabhadar ag dul ag troid agus bhí sí cuimhneamh ar sheift chun stop do chur leis agus taréis tamaill do chuimhnig sí ar cheann.Do fuair sí buicéid uisge agus do chuir sí an t-uisge isteach ins na gunnaíbh agus do loit an uisge an púdair a bhí ionnta. Taréis sos do thógaint d’imthigh na daoine ar a naistear agus nuair a thánadar go dtí an patrúin bhí an troid sa tsiúbhal agus do dhein fir na gunnaí iarrachtar piléir do chaitheamh acht do theip ortha.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Caol, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 47
- Gairm bheatha
- Oibrí iarnróid (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Caol, Co. Chiarraí