Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ‘na cómhnaidhe i gCillbeag agus bhí beirt mac aici. Lá amháin bhíodar ag obair i ngáirdín. Bhí rann ag ceann aca agus sluasad ag an gceann eile.Tar éis tamaill maith fuair ceann acu corcán óir. Bhí sé sásta agus dúbhairt sé leis an mbuachaill eile go raibh sé críocnuighthe agus chuaidh sé abhaile.Níor chuaidh an driothár abhaile mar dúbhairt sé ná raghadh sé abhaile go dtí go mbeadh sé críochnuighthe.Nuair a bhí sé ag obair fuair sé píosa de bhosca abhrus an driotháir. Chuaidh sé abhaile agus do dhíol sé na píosaí agus do cheannaigh sé capall agus do thug sé an chuid eile d’á mháthair.Do théigheadh an buachaill eile go dtí Gleann-Liaim gach maidin agus gach tráthnóna chun bainne d’fághailt ar pingin an piúnt.Nuair a bhí ag dul go dtí Gleann Liaim lá amháin do chuir sé an corcán i bhfolach i gcnoc atá i mBaile na Mánach. Annsan chuaidh sé ag lorg an bhainne agus nuair chuaidh sé abhaile dúbhairt sé go raibh an bainne trí leath-pinginn an piúnt. Gach maidin agus gach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Caitlín Ní Mhurchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Séarlas Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí