Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
- XML Leathanach 113
- XML “Dóiteáin”
- XML “Toirneach agus Tintreach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Aifrinn do rádh ar son a nanma.
- Tímcheall céad blian ó thoin do bhris stoirm mór amach agus bhí sé ag cur baistíghe chómh trom san ná raibh aoinne ábalta ar dhul amach thar dorus.Taréis dhá lá d’eirigh sé ciúin aríst agus tráthnóna an treas lae bhí sé chómh ciúin san gur chuaidh triúr ó Fiadhachmeadhon síos go dtí Tráigh Bhán chun dul ar iascaireacht agus bhí gach aoinne á rádh leó gan dul mar ná raibh fhios aca cathain a bhrisfeadh an stoirm amach aríst.Níor chuireadar aon suim ins an gcainnt a bhí ag na daoine agus chuadar síos go dtí an tráigh agus chuireadar na líonta isteach ins an mbád agus nuair a bhí gach rud aca do thosnuig lóithne gaoithe ag séideadh agus thánaig eagla ortha agus dúbharadar nárb fhearr an rud a dhéanfaidís ná dul abhaile agus chuireadar an bád thar n-ais ina áit féin aríst agus abhaile leó.Nuair a thánadar go dtí Gortgabhar do bhris teintreach mór ortha agus annsan tóirneach agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Caol, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 47
- Gairm bheatha
- Oibrí iarnróid (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Caol, Co. Chiarraí