Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)

Suíomh:
Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Partolan Ó Gríbhthín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0479, Leathanach 155

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0479, Leathanach 155

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
  2. XML Leathanach 155
  3. XML “Sionnach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Uair amháin geall le céad is a fiche blian ó thoin do bhí fear bocht na chómhnaidhe i dtigín beag inaice cheann Bhrí.
    Do bhí cúpla cearca aige agus oidhche amháin do sgiob rud éigint ceann díobh agus do bhí ana fhearg ar an bhfear mar ní raibh aige ach iad san.
    Do dhún sé an doras go daingean an oidhche na dhiaidh sin agus lá ar na mháireach d’eirigh sé go moch agus chuaidh sé go dtí chró na gcearc agus ní raibh aon chearc ann agus bhí sé ag féachaint tímcheall agus cad a chonnaic sé ach sionnach mór i gcúinne an chró.
    Níor dhein an fear aon rud acht dul amach agus bata mór d’fághail chuaidh sé isteach aríst agus do bheir sé ar earball an tsionnaigh agus do bhuail sé é.
    Do leig an sionnach sgread as agus do shin sé é féin amach agus cheap an fear go raibh sé marbh.
    Do thóg sé suas é agus do chuaidh sé go dtí a thig féin leis agus chuaidh sé amach chun rann d’fághail chun é chur.
    Nuair a tháinig sé isteach ní raibh tásg ná tuairisc den sionnaigh le fághail in aon áit d’féach an fear amach agus cad a chonnaic sé acht an sionnach ag dul suas an cnuic dó féin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. seanchas ainmhithe (~1,185)
        1. sionnaigh (~151)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Néill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Na Tinní Íochtaracha Thoir, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Loingsigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    42
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Na Tinní Íochtaracha Thoir, Co. Chiarraí