School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tímcheall cúig blian is dathad o shoin bhí áthrach seol idir ceann Brí agus Sgeilg caithte annso is annsúd ag an ngaoith agus ag an bhfairrge. Nuair a chonaic na daoine an slíghe na raibh sí caithte cheap siad go raibh rud éiginn bun o’s cionn léi.Chuaidh siad amach maidin amáireach idtreó na loinge ach bhí an fairrge ró shuaidhte agus béigeann dóibh foithin do thógaint ar feadh tamaill feuchaint cathain a chiúinfheadh an fhairrge.Nuair a bhí an tráthnóna ag teacht do chiúinigh sí agus chuadar go dtí an áthrach. Nuair a shroiseadar an t-áthrach ní raibh aon máirnéalach ar bórd ach gadhar fiadhaine.Dúbhairt beirt fear go raghadh siad ar bórd mar go raibh an chriú báidhte . Bhíodar ar a ndícheall chun dul inaice léi acht bhí eagla ortha go mbrisfeadh an fhairrge an bád beag.Chonnaic siad téad ag crochadh ó thaobh na loinge. Rug siadar sin agus annsan bhíodar ábalta ar dul isteach. Tháinig an oidhche acht má tháinig ní raibh na fir a bhí ar bórd na loinge ábalta ar dul arís go dtí a mbád beag agus b’éigeann dóibh fannacht ann i rith na h-oidhche.D’imthigh an bhád beag abhaile agus chuaidh ceann aca go dtí na gardaí agus d’innsis sé an(continues on next page)
- Collector
- Sorcha Ní Chúipéir
- Gender
- Female
- Address
- Na Tinní Íochtaracha Thoir, Co. Chiarraí
- Informant
- Máire Ní Chonaill
- Gender
- Female
- Age
- 73
- Occupation
- Pinsinéir
- Address
- An Comhartha Beag, Co. Chiarraí