School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
- XML Page 128
- XML “Scoil Scairte”
- XML “Seancheird”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)scríobhnóireacht béarla, agus uimhriocht agus roinnt Teagasc Críostaidhe ach ní foghluimuightí aon Gaedhlainn an uair sin.
Bhí cúpla leabhar ag Diarmuid agus thugadh sé iad dos na páistí ar feadh an lae. Bhíodh siad ag scrí agus ag deunamh uimhriochta ar na slinnte.
D'fan Diarmuid i gCurrach Beag ar feadh i bhfad agus annsan chuaidh sé go Cúil agus mar sin leis timpeall an oileáin agus choimeadadh daoine daoine gach tíghe é san oidhche nuair a thagadh sé chucha mar nuair a fhanadh sé i dtigh bhíodh páistí an tíghe sin ag foghluim uaidh.
Nuair a bhí sé aosta chuaidh sé go dtí tigh a charad i gCurrach Beag agus d'fan sé ann go deire a shaoghail. - Seana- chéard.
Ós cionn céad blian ó thoin bhí fear na chómhnaidhe i gCurrach Beag agus Seán Ó Murchúdha an ainm a bhí air. Ní raibh aon feirm aige acht tigh beag agus nuair ná raibh aon íle annso is minic a dhein sé coinnle.
Lá amháin bhí sé ag baint móna agus bhí triúr eile na theannta agus do chonnacadar bairrle amuich sa bhfairrge(continues on next page)- Collector
- Máire de Burton
- Gender
- Female
- Address
- Tinnies Lower East, Co. Kerry
- Informant
- Mícheál Ó Néill
- Gender
- Male
- Age
- 40
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Curragh More, Co. Kerry