School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
- XML Page 118
- XML “Tuile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean darab ainm Cáit Ní Dhonnchadha 'na cómhnaidhe i mBaile an tSéipéil, agus bhí sí 'na tigh féin 'na aonar le hais abhann na Caoile mar bhí a céille agus a mhac tar éis báis d’fághailt.Gach uair a bhíodh tuille san abhainn bhíodh tuille 'na tigh leis, agus annsan gach uair a chloiseadh sí an abha ag deunamh glóir le tuille bhíodh eagla uirthe agus ritheadh sí go tigh eile agus d’fanadh sí ann go dtí go mbíodh an tuille imthighthe.Fuair Cáit bás agus ní raibh sí marbh ach cúpla lá nuair a bhí tuille ann, do tháinig sé agus do sgiob sé an tigh go léir agus níor leigeadh ann ach fothrach chun a theaspáint go raibh tigh ann.Deireadh na comharsain gur mhaith an bhail uirthe í bheith imthighthe mar go mbrisfeadh a croidhe nuair a chídhfeadh sí a tigh beag sgiobtha leis an dtuille agus deireadh daoine go mbéidir go mbeadh sí ‘na codhladh nuair a thiochfadh an tuille agus go mbeadh sí báidhte mar bhí sí ana aosta agus is minic a bhíodh sí ‘na codhladh i rith an lae.
- Collector
- Eibhlís Ní Loingsig
- Gender
- Female
- Address
- Coarha More, Co. Kerry
- Informant
- Máire Ní Loingsigh
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Coarha More, Co. Kerry