Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seana Chapaill.
Bhí fear ann cúpla céad blian ó thoin fear mór láidir do'b eadh é, agus Seán Mac Cárthaig do'b ainm dó acht toisg é bheith chóin láidir neamh eaglach san thugadar "Seán láidir" mar leas ainm air.
Gach mí do théigeadh sé go Dúrlas Éile le feircín ime ag marcuigeacht ar chapall bán. Bé an seachrinadh láir bán a bhí aige agus dá bhrígh sin dar le daoine áirrighthe bhí buadh fé leith aici.
An oidhche san go háirighte bhí sé ag teacht ó Corcaigh agus a chapall bán aige. An uair sin bhí an oileán greamiughte leis an Daingean agus dhá bhrígh sin do thánaig sé isteach mar sin. B'éigean dó annsan dul tré tráig an Goilín mar is ag Carraog liath a bhí sé in a chóinnaidhe.
Nuair a thánaig sé chóin fhada leis an áit ina sgévieann[?] an Abha Chaol isteach san bfairrge chonnaic sé sprid bán agus dá láidre a bhí sé bhí an sprid ró láidir dhó agus ghearr sé an chluas de le sin thánaig eagla ar an gcapall agus do léim sé an Goilín (ní raibh sí leath cóin leathan agus ta sí indui) amach go cuan Aill a Tonnaig agus d'fhág sé rian a gcos ar carraig ann
Níor inothaig[?} an fear aon rud eile go dtí go raibh sé i srábla agus fuill ag sileadh leis ar dhrom an chapaill. Do thóg na daoine é go dtí dochtiúr éiginn agus le h-imtheacht aimsire bhí sé ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Chúipear
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Tinní Íochtaracha Thoir, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Fáilge
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 46
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Tinní Íochtaracha Thoir, Co. Chiarraí