Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)

Suíomh:
Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Partolan Ó Gríbhthín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0479, Leathanach 223

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0479, Leathanach 223

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
  2. XML Leathanach 223
  3. XML “Gabha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tímcheall dhá céad go leith blian ó thoin bhí gabha in a chómhnaidhe i gCurrach Mór. Fear ana láidir do beadh é agus aon obair cruaidh a bhíodh le déanamh ag aoinne do chuirtí fios ar an bfear sin.
    Lá amháin thánaig fear boct chuige a rádh leis go raibh an t-aon bó amháin a bhí aige istig i bpoll agus go raibh an talamh tímhpeall an poill ana bhog.
    Chuaidh an ghabha go dtí an áit in a raibh an bhó agus do rug sé ar greim ar a earbhall agus do chaith sé ar an bport í agus bhí an fear ana bhuidheach dhó.

    Bhí gabha eile i bFiadhach Meadhon agus bhí sé ag obair go dian gach lá ó mhaidin go tráthnóna nmar bhí clann mór aige chun iad a chothúghad agus i ndeire na seachtmhaine ní bhíodh aon biadh aige chun thabhairt dá chlann agus bhí an sgéal sin agie ar feadh i bfadh.
    Sa deireadh do chuaidh sé i gcómhairle fir chiallmhair agus d'innis sé a sgéal dó. Dúbhairt an fear ciallmhar leis go raibh fhios aige féin mar gheall ar a sgéal agus dúbhairt sé gur buille déanac a tSathairnm agus buille lua an Luain fé ndear an bhochtanais.
    Annsan dúbhairt sé go mbíodh sé ag obair ró déanach oidhche Sathairn agus ag obair maidin Dia Luain sa'r a raibh an Domhnach thart agus nár cheart é sin agus ó thoin i leit bhí an fear ag eirighe níos saidhbhr
    Sgéalaidhe: Sean Ó Murchadha, Teinnibh
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
          1. gaibhneacht (~2,389)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Ní Cúipéir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Na Tinní Íochtaracha Thoir, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Murchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Na Tinní Íochtaracha Thoir, Co. Chiarraí