Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
- XML Leathanach 115
- XML “Toirneach agus Tintreach”
- XML “Toirneach agus Tintreach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)siad dóighthe leis na splanncacha teinntríghe. Nuair a stad an teinntreach chuaidh Seamus amach agus do bhaineadh preab as nuair a chonnaic sé tigh na mbó leagtha, agus do bhaineadh preab níos mó as nuair a chonnaic sé dhá bhó dóighte agus chuaidh sé go dtí an cró eile ach buidhcheas le Dia bhí siad beó, agus bhí áthas air go raibh trí cinn beó féinig.Bhí Séamus ag dul i mboichte ó ló go ló agus ní raibh sé ábalta ar an gcíos do dhíol agus bhí truagh ag an Ridire dó agus níor iarr sé an cíos air in aon chor agus thug daoine airigead dhó agus chuir sin an fear bocht ar a bhonnaibh arís.
- Is mó scéalta a cloismíd mar gheall ar dhíobháil a dheineann teinntreach uaireannta agus seo ceann a leanas.Bhí dream daoine ag iascaireacht oidhche amháin i mí Aibreáin tímpeall dhá chéad blian ó thoin, agus bhí an aimsear go breágh an uair sin.An oidhche san do chuaidh siad ag iascaireacht agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire de Burton
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Tinní Íochtaracha Thoir, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Concubhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 49
- Gairm bheatha
- Pinsinéir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Currach Mór, Co. Chiarraí