Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
- XML Leathanach 200
- XML “Scéal na mBó”
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dúbhairt sé léi go raibh bean na chómhnaidhe in aice leis agus dar le daoine bhí an droch shúil aice, agus ní raibh sí féin agus an fear úd ró cháirdeamhail le'n a chéile.
Fuair sí píosa ime annsan agus chuir sí an ártha ann agus dúbhairt leis é sin do chur san gcuigeann gach uair eile acht gan é do dhíol in aon chor.
Chuaidh sé abhaile agus dhein sé é sin, agus bhí im aige as san amach. - Bhí bean ann fadó agus baintreach do'b eadh i, agus bhí clann mór aici le aire do thabhairt dóibh mar bhíodar go h-ana óg nuair a fuair an t-athair bas, agus bhíodar ina gcómhnaidhe go beó bocht.
Deireann cuid de's na daoine gur rugadh í 'san oilean agus gur chuaidh sí go dtí an Gleann tar éis báis a céile acht deireann cuid eile de's na daoine gur rugadh í 'san Gleann, agur gur pósadh í san oileán ach chuaidh sí go dtí an Gleann arís.
Nuair a bhí sí ana bhocht thug cara gamhan óg dí, agus d'fás sí suas i ngamhain bradach, agus ní stadadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlís Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Murchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 84
- Gairm bheatha
- Pinsinéir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Chúil Thiar, Co. Chiarraí