School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)uaigneach.
Ar an gcuma san bhí ceann i traigh an Stóir, agus caitheadh sagart gach ré seal imeasc na ndaoine le h-éadach mná air. Acht do rugadh air sa deire, agus chuireadh chun báis é agus loiteadar an séipilín.
Bhí na daoine bochta gan séipilín gan sagart. Sa deire tháinig ceann agus is imeasc na bfailltreacha a léigheadh sé an tAifirinn de gnáth ar an dtaobh thuaidh de'n oileán in áit ar a dtugtar "Fuithir".
Bhí sé ann lá amháin le'n sluagh daoine ag léigh Aifrinn in áit ar a dtugtar "Caisleán Árd". Bhíodar réidh chun dul abhaile nuair a chonnaic ceann de's na daoine spiaire i bhfochlach in aice le "Pluais na Robálaithe".
Bhí na daoine bochta i gcás annsan mar cheapadar go raibh alán díobh ann, agus go marbhóchaidís an sagart.
Acht le na linn sin phreab sé amach agus bhí sé ollamh chun pléir do chaitheamh nuair do thuit sé go tóin phoill. Bhí na daoine buidheach annsan mar bhí an sagart saor an uair sin, agus ó'n lá san amach níor léigh sé Aifreann in aon áit eile acht i gCaisleán Árd.- Collector
- Bríghid Ní Cuipéar
- Gender
- Female
- Address
- Na Tinní Íochtaracha Thoir, Co. Chiarraí
- Informant
- Pádraigh Ó Chonaill
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Occupation
- Pinsinéir
- Address
- An Comhartha Beag, Co. Chiarraí