School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)

Location:
Ballyhearny West, Co. Kerry
Teacher:
Partolan Ó Gríbhthín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 140

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 140

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
  2. XML Page 140
  3. XML “Pósadh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    lae an phósta cuirfeadh siad fios ar an sagart, acht ní thagadh sé go dtí an oidhche agus ansan bhíodh sé ag ceistiú na beirte go dtí a dó dhéag a chlog.
    Ansan théigheadh siad síos ar a nglúinibh agus pósadh sé iad agus uaireannta bhíodh sé á bpósadh go dtí breaca lae na bháraigh.
    Nuair a bhíodh gach aon rud réidh chun an phósta théigheadh duine amach agus chuireadh sé saghas púdair i nguna agus deineadh sé saghas glóir leis chun glaodhach ar na buachaillí tuíghe.
    Thagadh siad agus bhíodh cróinneacha nó ríoda ar a gceann aca, agus píosaí tuíghe ag sileadh ó’n gcróinn agus bhíodh hataí daithte tímpeall na ríodaí agus aghaidhthe fidil ar a n-aghaidhthe agus criosanna móra tímpeall ortha.
    Nuair a thagadh siad bhíodh siad agus na daoine istigh ag amhrán agus ag rinnce agus ag deunamh spóirt mar thugadh na daoine uisge beatha dóibh, agus bhíodh siad níos fearr chun spóirt a dheunamh annsan, agus ar maidin théigheadh siad abhaile lán sásta.
    Dia Máirt agus Dia Satharn dob eadh na laetheannta a pósadh iad. Máirt Innide is minicí a bhíodh á bpósadh.
    I rith na h-oidhche agus ag breacadh an lae Chéadaoin Luaithrí agus cé go bhfuil sé órdaighthe gan pósadh ‘san gCarrgaos chuireadh siad málaí ar na fuinneóga
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlís Ní Loíngsigh
    Gender
    Female
    Address
    Coarha More, Co. Kerry
    Informant
    Muiris Ó Conchúbhair
    Gender
    Male
    Age
    52
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Coarha More, Co. Kerry