Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)
- Suíomh:
- Driseachán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nora Ní Mhaolchaoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Driseachán
- XML Leathanach 419
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí bean ann fadó agus cailleadh bó uirthi.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Lá amháin bhí sí ag dul ar an aonach leis an gcraiceann a dhíol. Chuaidh sí isteach i dteach le na sgíth a leigean. Teach na sídheoga a bhí ann ach ní raibh fhios aice sin. Bhí sean-bhean agus lánamhain óg sa teach. Bhí an bhean ag dearcaidh ar bhó a chonnaic sí ceangailte i gceann an tighe. D'fhiafruigh an fear dí tuige an raibh sí ag dearcadh ar an mbuin agus dubhairt sí "Muise féictear dom gur cosamhail le mo bhó féin í. "Agus" ar seisean, "céard déanfá dá mba í bhéadh ann". "Muise" ar sise "cé'n caoi ndéarfainn é agus a craiceann agam le díol". "Bhoil, sin i do bhó . Ar mhaith leat í fhághail? " "Ba mhaith" ar sise. Nuair a bhí an fear ag leigean na bó amach dubhairt an chailleach léi "Má fhághann tú an bhó fágh an bhuarthach". "Is fearr duit an bhuarthach a thabhairt dom anois" ar sise. Tháinig fearg ar an mnaoí óig agus dubhairt "Má tá tusa ag fághail na bhuarthaigh tabhair dhom-sa craiceann mo mháthar". Nuair a fogladh an mála is craiceann caillighe a bhí ann i n-áit craiceann bóScéal
“Bhí fear i Sasana fadó agus ba mhaih leis a imeacht go hÉireann.”
Bhí fear i Sasana fadó agus ba mhaith leis a theacht go h-Éirinn. Chuaidh sé isteach i siopa lá agus d'fhiafruigh de'n t-siopadoír an raibh a leithéid(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Nic Allmhúráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe