Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)
- Suíomh:
- Driseachán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nora Ní Mhaolchaoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Driseachán
- XML Leathanach 409
- XML “Scéal”
- XML “An Cailín Leisciúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Fadó bhí na uighearnaí talmhan ag caitheamh bhfeilméara amach as a gcuid talmhan.”
(ar lean ón leathanach roimhe)‘a chaitheamh gur ordaigh an tighearna do Dhómhnaill dhul amach an bóthar. ‘Nach cuimhneacht leat gur gheall tú dom nach gcaithfeá amach go deó mé. “Níor gheall agus ní raibh baoghal ar bith orm.” “Nach cuimhneach leat gur dtug tú sgrióbhtha ó do láimh dom é?” ‘Sbáin sé an páipeár don tighearna. Ní dheárna an tighearna ach a chúl iompódh leis agus dubhairt “a Dhomhnaill Uí Bhriain is do dhá súil I do dhiaidh”- Bhí cailín ann uair amháin agus bhí sí an-leisgeamhail. Chuaidh a máthair amach lá agus d’fhág sí cáca ar an teine agus dubhairt léi gan é fhágail ró-fhada thíos. Nuair a tháinig sí isteach ‘san tráthnóna agus í trom tuirseach fuair sí an cáca dóighte. Chuaidh sí amach lá eile agus d’fhág sí pota leite thíos agus dubhairt leis an gcailín é a mheasgadh go minic. Nuair a tháinig sí isteach an tráthnóna seo fuair sí an leite dóighte. Rug sí ar mhaide, bhuail an cailín agus chuir amach ar an tsráid ag caoineadh í. Casadh duine uasal thart agus dubhairt an mháthair gur bí féin a bhuail í mar go raibh sí ag obair ró-chruaidh. Dubhairt an duine uasal go bpósfadh sé féin í agus thug sé leis í agus dubhairt go raibh sí go han-mhaith. Tugadh cuid mhaith olna dí agus dubhradh léi a chárdáil sa sgioból. Chuaidh sí(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Áine Ní Sheóighe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Driseachán, Co. na Gaillimhe