Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)

Suíomh:
Driseachán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nora Ní Mhaolchaoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 406

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 406

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Driseachán
  2. XML Leathanach 406
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí beirt ann faó darbh ainm Seán agus Máire.

    Bhí beirt ann fadó dárbh ainm Seán agus Máire. Bhí Seán an-glic ach ní raibh Máire. Bhí Seán ag saothrughadh I gcómhnuidhe agus ag cur an airgid I dtaisce. Nuair d’fhiafruigheadh Máire tuige a gcuireadh sé I dtaisce deireadh sé gur le h-aghaidh na coise tinn . Lá amháin tháinig bacach thart agus nuair a chonnaic Máire an chois tinn thug sí an t-airgead ar fad dó. Nuair a tháinig Seán agus d’fhiafruigh sé cá raibh an t’airgead dubhairt sí gur chug sí d’fhear na coise tinn é. “Tá sin déanta” arsa Seán níl againn ach an bóthar. Tá píosa cabaiste annsin agus tá feoil annsin freisin agus cuir é le h-é leasughadh agus annsin béidhimid ag imeacht ag cruinniughadh ar gcodhach” agus annsin d’imigh sé amach. Thosuigh Máire ag obair. Ghearr sí an fheoil I n-a phíosaí agus chur ceann le gach gas cabáiste ins an ngarrdha. Tháinig Seán agus d’fhiafruigh dí raibh an béile réidh agus dubhairt sise nach raibh, nár iar sé uirthí béile ar bith a réiteach ach an cabáiste a leasughadh. “Dona go leor” arsa Seán agus amach leis ach bhí an fheoil ithe ag na madraí roimhe. “Suibhail leat anois” ar sesean “ag cruinnuighadh ár gcodach” agus d’imthigheadar leo. Fá cheann tamaill d’fhiafruigh Seán de Mháire ar tharraing sí an doras ina diaidh agus dubhairt Máire nár tharraing sí an doras I na diaidh agus rith sí ar ais aríst gur thug leí ar a druim é. Fá cheann tamaill thángadar go dtí crann mór leathan agus chuadar suas ann. Leagadar an doras idir na géaga ague shuidheadar air. Tháinig gaduidhthe agus shuidheadar fá bhun an chrainn ag cómhairuighadh airgid. Ós rud go raibh meadgchan ar an gcrann thosuigh na billeóga ag titim de, anuas ar na gaduidhthe agus bhíodar ag rádh gur breágh na billeóga
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1386: Meat as Food for Cabbage
    AT1541: For the Long Winter
    AT1653: The Robbers under the Tree
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Liam Ó hAllmhuráin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    16
    Seoladh
    Gleann Tréig, Co. na Gaillimhe